<p>T&aacute; an Dhammapada ar cheann de na t&eacute;acsanna is c&aacute;ili&uacute;la sa Bh&uacute;dachas. Cnuasach v&eacute;arsa&iacute; gonta at&aacute; ann a chuireann s&iacute;os ar bhunphrionsabail an Bh&uacute;dachais i st&iacute;l thaitneamhach shothuigthe. N&iacute; hionann is a l&aacute;n t&eacute;acsanna B&uacute;da&iacute;ocha a mb&iacute;onn f&eacute;ith na teib&iacute;ochta agus na saindiamhrachta le brath iontu &uacute;s&aacute;ideann an Dhammapada meafair nithi&uacute;la &oacute;n ngn&aacute;thshaol chun friotal a chur ar theagasc an chreidimh. Cuirfidh cuideanna den t&eacute;acs gaois sheanfhocail na Gaeilge i gcuimhne don l&eacute;itheoir n&oacute; b&rsquo;fh&eacute;idir parabail na soisc&eacute;alta Cr&iacute;osta&iacute;. N&iacute; nach ionadh t&aacute; s&eacute; ar na saothair is m&oacute; a bhfuil gean an phobail Bh&uacute;da&iacute;och air.</p><p>Cad &rsquo;na thaobh gur thug m&eacute; faoi leagan Gaeilge a chur ar f&aacute;il den tsaothar seo? Spadhar &eacute;igin a bhuail m&eacute; gan amhras ach n&iacute; gan f&aacute;th. C&eacute; nach B&uacute;da&iacute; m&eacute; (agus n&iacute; gh&eacute;illim do gach aon tuairim at&aacute; le l&eacute;amh sa Dhammapada) bh&iacute; suim agam riamh sna teagasca n&iacute;os praitici&uacute;la at&aacute; le f&aacute;il sa chreideamh&mdash;sin le r&aacute; na modhanna praitici&uacute;la at&aacute; ann chun dul i ngleic leis an saol. C&eacute; gur il&shy;ghn&eacute;i&shy;theach ar fad an rud &eacute; an B&uacute;dachas b&iacute;onn s&eacute; fr&eacute;amhaithe sa tuiscint gur orainn f&eacute;in a bhraitheann &aacute;r sonas. N&iacute;or shl&aacute;n&shy;aitheoir &eacute; an B&uacute;da ach teagasc&oacute;ir. Sa l&aacute; at&aacute; inniu ann ar l&uacute; n&aacute; riamh &aacute;r n-iontaoibh i reiligi&uacute;in thraidisi&uacute;nta an Iarthair is cu&iacute; s&uacute;il a chaitheamh soir ar chreideamh an-difri&uacute;il a bhfuil dearcadh eile aige ar an saol agus f&eacute;achaint cad at&aacute; le foghlaim uaidh.</p>
Piracy-free
Assured Quality
Secure Transactions
Delivery Options
Please enter pincode to check delivery time.
*COD & Shipping Charges may apply on certain items.