An Leabhar Nimhe

About The Book

<p>Cúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis-an tUafás Cosmach. "Cuitiliú": An raibh na Seanóirí Móra ag siúl na hÉireann riamh? Caitheann an scéal seo súil ar leathanaigh dhearmadta Chín Lae Amhlaoibh. "Scairt na Réalta": D'fhág a athair lámhscríbhinní rúndiamhra Gaeilge aige agus nuair a léigh sé iad mhothaigh sé na réaltaí ag glaoch air. "An Leabhar Nimhe": Níor theastaigh uaidh ach seanleabhair Ghaeilge leis an teanga a fhoghlaim ach ansin tháinig ceann chuige a raibh nimh ann. "Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen" atá i gcroí an bhailiúcháin seo-duais-scéal an fhealsaimh Fhionlannaigh S. Albert Kivinen a chuir Lovecraft in aithne do léitheoirí fantaisíochta na Fionlainne. Sa scéal seo tugann Kivinen cur síos ar arrachtach cosmach a rinne a nead in Ikaalinen baile beag margaidh san Fhionlainn-fód dúchais an scríbhneora féin. "Paappana nó Ceol Erkki Santanen": Tharraing ceol an chlub na céadta daoine óga go dtí bruachbhaile leathlofa. Ach ansin bhí an dúchinniúint ag fanacht leo thíos sa siléar. Panu Petteri Höglund a d'aistrigh gearrscéal Kivinen go Gaeilge agus a scríobh na ceithre cinn eile a fhoilsítear faoi chlúdach leabhair anseo. Casfar uafás cosmach Lovecraft ort san Fhionlainn agus in Éirinn i saol an lae inniu agus i saol an lae roimh an Drochshaol. Chaith Panu Petteri Höglund na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar Ghaeilge na gcaint­eoirí dúchais le go bhféadfadh sé scéalta a insint i stíl a mbeadh blas ceart na teanga uirthi. Is é an bailiúchán gearrscéalta seo an dara leabhar Gaeilge a tháinig óna pheann. Na scéalta leis féin a fhoilsítear anseo chuaigh siad i gcló an chéad uair in "An Gael" iris Chumann Carad na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.</p>
Piracy-free
Piracy-free
Assured Quality
Assured Quality
Secure Transactions
Secure Transactions
Delivery Options
Please enter pincode to check delivery time.
*COD & Shipping Charges may apply on certain items.
Review final details at checkout.
downArrow

Details


LOOKING TO PLACE A BULK ORDER?CLICK HERE