<p>Is beag n&iacute; at&aacute; chomh sp&eacute;isi&uacute;il leis an araltas c&eacute; gur g&aacute; st&oacute;r focal nua a fhoghlaim chun l&aacute;ntaitneamh a bhaint as an &aacute;bhar. Tugtar sa leabhar seo at&aacute; arna mhaisi&uacute; ag an &uacute;dar f&eacute;in cuntas ar bhun&uacute;s araltas na h&Eacute;ireann agus ar an gcaoi ar fhorbair s&eacute;. Ba iad na Sean-Ghaill a thug an t-araltas go h&Eacute;irinn ach de r&eacute;ir a ch&eacute;ile is amhlaigh a ghlac na Gaeil f&eacute;in leis. Chun gn&eacute;ithe &eacute;ags&uacute;la araltas na h&Eacute;ireann a l&eacute;iri&uacute; baintear feidhm sa leabhar seo go hioml&aacute;n nach m&oacute;r as armais &Eacute;ireannacha idir Ghaelacha agus Ghallda. Tugtar tuairisc freisin ar armais &eacute;ags&uacute;la th&iacute;r na h&Eacute;ireann f&eacute;in mar aon le harmais na gc&uacute;ig&iacute; stairi&uacute;la. Pl&eacute;itear armais chathracha bhailte m&oacute;ra chontaetha agus dheois&iacute; na h&Eacute;ireann freisin chomh maith le harmais roinnt &Eacute;ireannach m&oacute;r le r&aacute;. Ceist na dl&iacute;nse aralta&iacute; is &aacute;bhar do na caibidl&iacute; deireanacha agus m&iacute;nitear c&eacute;n f&aacute;th ar fearr di&uacute;lt&uacute; don &lsquo;araltas siopa.&rsquo; Sa chuid deireanach den leabhar tugtar l&eacute;argas &eacute;igin freisin ar stair arailt agus r&iacute;-arailt na h&Eacute;ireann chomh maith le bun&uacute; agus gn&iacute;omha&iacute;ocht Oifig Phr&iacute;omh-Aralt na h&Eacute;ireann.&nbsp;</p>
Piracy-free
Assured Quality
Secure Transactions
Delivery Options
Please enter pincode to check delivery time.
*COD & Shipping Charges may apply on certain items.