<span style=color: rgba(0 0 0 1)>Tugann an Dr Kerron Ó Luain iniúchadh leitheadach ar chaoga bliain de ghluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn. Bunaithe ar thaighde staire béil chomh maith le foinsí cartlainne agus meán tugann an saothar seo léargas ar leith ar an gcaoi ar oibrigh pobail ar fud na hÉireann chun earnáil iomlán nua Gaelscolaíochta a thógáil go minic d'ainneoin fórsaí stáit coilíneacha agus nualiobrálacha.
<span style=color: rgba(0 0 0 1)>Roimh do Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta teacht in inmhe sna 1970í is beag duine a shamhlódh go mbeadh fás as cuimse i ndán do scoileanna lán-Ghaeilge na tíre. Bhí drochbhail ar an nGaelscolaíocht in Éirinn í ag dul i léig faoi ionsaí ag an earnáil stáit sa dá dhlínse agus gan tacaíocht i gceachtar acu. In<em style=color: rgba(0 0 0 1)> Cath idir an pobal agus an Murder Machine: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta 1973-2023<span style=color: rgba(0 0 0 1)> déantar anailís ar an gcaoi ar éirigh le gnáth-Ghaeil an taoide a iompú. Baintear leas as breis agus caoga agallamh le gníomhairí agus oideachasóirí mar aon le nuachtáin na linne agus cáipéisí stáit chun forbairt na gluaiseachta a chíoradh. Anailís ghéarchúiseach atá sa leabhar trí lionsaí an díchoilínithe agus aicme ar ghluaiseacht fhorásach arbh éigean di dul in adharca le córais chaipitleacha agus choilíneacha an dá stát nó an <em style=color: rgba(0 0 0 1)>murder machine<span style=color: rgba(0 0 0 1)> chun a spriocanna a bhaint amach. 
<span style=color: rgba(0 0 0 1)>Déanann an saothar ceannródaíoch seo an chéad fhoilseachán de Bhradán Feasa inphrionta de Iskra Books an stair áitiúil a nascadh le léargais idirnáisiúnta ar ghluaiseachtaí teanga agus streachailtí oideachais. Is cuntas staire agus teistiméireacht phoiblí é ag nochtadh na féidearthachta a bhaineann le múnlaí oideachais faoi stiúir an phobail agus eagrúchán ón mbonn aníos. Is acmhainn ríthábhachtach é an leabhar seo do scoláirí staire teangeolaíochta agus oideachais agus d'éinne atá tiomanta do thodhchaí bheo a thógáil don Ghaeilge.
Piracy-free
Assured Quality
Secure Transactions
*COD & Shipping Charges may apply on certain items.