<p>Tr&iacute; ghearrsc&eacute;al agus &uacute;rsc&eacute;al amh&aacute;in le scr&iacute;bhneoir Fionlannach a d&#39;fhoghlaim a chuid Gaeilge &oacute; sc&eacute;alaithe agus &oacute; scr&iacute;bhneoir&iacute; m&oacute;ra na Gaeltachta sular th&aacute;inig s&eacute; go h&Eacute;irinn den ch&eacute;ad uair. Seo iad na sc&eacute;alta Gaeilge a chum s&eacute; ina fhear &oacute;g d&oacute; agus iad ar f&aacute;il faoi chl&uacute;dach leabhair anois. Sc&eacute;alta iad faoi dhaoine uaigneacha a chaitheann slabhra&iacute; an uaignis d&iacute;obh agus iad ag t&oacute;ra&iacute;ocht an ghr&aacute;. -- &quot;Ainmhian na M&aacute;istre&aacute;sa &Oacute;ige&quot;: Cail&iacute;n cr&aacute;ifeach &iacute; Pia n&aacute;r thuig beala&iacute; an ghr&aacute; riamh. Ach anois chuaigh an gr&aacute; f&eacute;in i lu&iacute;och&aacute;n roimpi. -- &quot;Craiceann&quot;: Th&aacute;inig mac l&eacute;inn &oacute;g ar cuairt chuig a thuismitheoir&iacute; le s&uacute;il a chaitheamh ar na seanbh&oacute;la&iacute;. C&eacute;ard a chasfar air cois an locha i gcro&iacute; na coille meas t&uacute;? C&eacute;ard eile ach an gr&aacute; f&eacute;in! -- &quot;B&eacute;arl&oacute;ir Deireanach an Domhain&quot;: Chuaigh an Ghaeilge ar fud an domhain. N&iacute;l ach Gaeilge Uladh ag na Meirice&aacute;naigh agus f&aacute;gadh an B&eacute;arla in &aacute;it na leathphingine i Sasana f&eacute;in. C&eacute;n cine&aacute;l saoil at&aacute; ag an mB&eacute;arl&oacute;ir deireanach ar an saol seo? -- &quot;Tachtaimis an Gr&aacute; Sin&quot;: Fear &oacute;g c&uacute;thail &eacute; Somhairle nach bhfuil de chairde aige ach &oacute;g&aacute;nach uaigneach eile agus nach bhfuil de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag amharc ar na f&iacute;sghr&aacute;nn&aacute;in. Ach l&aacute; amh&aacute;in castar cail&iacute;n air nach bhfacthas a leith&eacute;id riamh roimhe sin i Narkkaus baile beag in Oirthear na Fionlainne.</p>
Piracy-free
Assured Quality
Secure Transactions
Delivery Options
Please enter pincode to check delivery time.
*COD & Shipping Charges may apply on certain items.