Tine sa Chácóin (Irish Edition)

About The Book

<p>Tír shuaimhneach shíochánta i dTuaisceart na hEorpa a bhí sa Chácóin tráth. Anois áfach tá sí ar coipeadh le seinea­fóibe is le sceimhlitheoireacht. Maraíodh fear ceannais na heite deise antoiscí agus an chuma ar an scéal go bhfuil lucht a leanúna ag cromadh ar fheachtas sceimh­litheoireachta le díoltas a bhagairt ar an tsochaí go léir. Caithfidh Makar Turkan bleachtaire an dún­mharfóir a cheapadh sula rachaidh cúrsaí na tíre ó smacht go hiomlán.</p><p>Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris Ghael-Mheiriceánach <em>An Gael</em> i dtús na 2010idí ach níor imigh a dhath dá thoipiciúlacht idir an dá linn.</p><p>Scéinséir é seo atá bord ar bhord le himeachtaí corracha ár linne. Scéal grá é freisin. Achainí phaiseanta atá ann ar son cairdis agus muintearais in aghaidh gach cineál ciníochais. –––</p><p>Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne). Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig cúig leabhar próis i gcló uaidh cheana féin mar atá <em>Sciorrfhocail</em> (2009 – úrscéilín agus scéalta) <em>An Leabh­ar Nimhe</em> (2012 – gearrscéalta uafáis in aithris ar H. P. Lovecraft) <em>An Leabhar Craicinn</em> (2013 – gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 – úrscéal faoi Oirthear na hEorpa) agus <em>An Fhondúir­eacht</em> (2014 – leabhar ficsin eolaíochta le hIsaac Asimov).</p>
Piracy-free
Piracy-free
Assured Quality
Assured Quality
Secure Transactions
Secure Transactions
Delivery Options
Please enter pincode to check delivery time.
*COD & Shipping Charges may apply on certain items.
Review final details at checkout.
downArrow

Details


LOOKING TO PLACE A BULK ORDER?CLICK HERE